Diane Cannon

Ireland

It’s not often that a new voice arises out of an ancient tradition, managing to fuse the richness of the past with the promise of the future. Forged out of the centuries-old traditions of her native Donegal, Diane Cannon is a singer who brings the songs and the music played by the hearth fire of a long gone Ceilí house, to the sophisticated tastes of a 21st century audience. From Meenlaragh, in the heart of the Donegal Gaeltacht, Diane inherited her musical talents from both sides of her family; all four grandparents were accomplished musicians and singers. As a youngster Diane frequently won competitions and she competes successfully to this day. Her long-anticipated debut album, Idir Mhuir agus Sliabh, follows the 2022 release of her critically acclaimed single, “Séan Ó Duibhir a’ Ghleanna”. Diane is a regular presenter on radio shows with RTE Radio na Gaeltachta, BBC Radio Ulster, Radio Fáilte, Highland Radio ,and Celtic Music Radio. She has been learning Scottish Gaidhlic in the Isle of Skye for a number of years, and also established a new festival called Féile Nasc na nGael in Donegal connecting with the Scottish and Irish Gaelic communities.

“Tógadh Diane Ní Chanainn i dteaghach a raibh an ceol lárnach ann riamh. Bhí ceol ar an teallach agus ag a muintir ar fad ar an dá thaobh. Chuir sí suim i ngach cineál ceoil idir cheol uirlise agus amhránaíocht. D’fhoghlaim sí an fhideal ó Phroinsias Ó Maonaigh agus bíonn sí ag gabháil di i gcónaí. Is ceoltóir breá í a níon Kelly fosta agus tá suim aici sa tseancheol Gaeilge chomh maith lena máthair. Tá Kelly í féin ag canadh agus ag seinm ó bhí sí ina tachrán faoi threoir agus spreagadh a máthar – saibhreas ceoil, amhránaíochta agus teanga an teaghlaigh ag dul ó ghlún go glún.Thug Diane léi príomhdhuais an Oireachtais i gcomórtas sinsearach na mBan don amhránaíocht ar an sean-nós sa bhliain 2015. Le blianta anuas, tá sí ag déanamh staidéir ar na hamhráin as a ceantar féin agus tá suim mhór aici iontu. Tá amhráin áirithe ann a cheoltar go minic agus go mbíonn siad ar bharr an liosta i gcónaí ag ceoltóirí an cheantair. Tá amhráin eile ann mar sin féin, agus is annamh a chluintear iad. Amhráin áitiúla iad go minic nó leaganacha áitiúla d’amhráin atá coitianta ar fud na tíre ach nach mbíonn leagan Thír Chonaill le cluinstin ach go hannamh. As Mín Lárach máthair Diane, ceann de na croícheantair is láidre Gaeltachta sa tír faoi láthair agus as na cnoic, Mín na Craoibhe, a hathair John, a bhfuil cáil air de bharr a rannpháirtíocht sa ghrúpa Na Clubmen. An leagan den Droighneán Donn a thuill an duais di san Oireachtas, baineann sé le Toraigh ach níl an ceol sin ar eolas ag mórán daoine cé gur álainn an fonn é. Tá borradh mór faoi chúrsaí ceoil agus amhránaíochta sa Ghaeltacht le tamall agus cuidíonn a leithéid le suim an phobail a spreagadh ina dteanga agus ina gcultúr. Méadaíonn a ndilseacht don teanga nuair a fheiceann siad a nduine féin ar ardán. Chomh maith le bheith ina healaíontóir is bainisteoir í Diane in ngnoithe a muintire, Teach Tábhairne Ghaoth Dobhair ar an Fhál Charrach. Is geall le hionad pobail é an teach seo anois agus lárionad d’imeachtaí agus d’ócáidí Gaeilge sa cheantar. Bíonn oícheanta seanchais agus amhránaíochta ann go minic agus cuirtear na seancheirdeanna ar taispeáint idir amanna. Cuidíonn a leithéid le mothú a chur sa teanga agus le lucht labhartha na Gaeilge a tharraingt le chéile. Bíonn an ceol agus na hamhráin lárnach sna hócáidí seo i gcónaí. Sa tionscnamh ceoil tugtar tús áite d’amhránaíocht na Gaeilge agus d’amhráin áitiúla go háirid. Céim bheag atá inti ach céim thábhachtach leis na healaíona Gaeilge a spreagadh i gceantar atá buailte ag dífhostaíocht, ag míbhuntáiste agus ag an imirce le blianta fada.Bíonn Diane ag obair mar chralteoir le RTE Radio na Gaeltachta, BBC Radio Ulster, Radio Fáilte, Highland Radio agus Celtic Music Radio.Tá sí fosta i mbun foghlaim Gaighlig na hAlbann le traidhfil blianta anuas agus anuraidh bhunaigh sí Féile Nasc na nGael i nDún na nGall ag ceangailt le muitir na hAlbain. Mar bean gnó bhunaigh sí suíomh idirlíon agus comhlacht turasóireacht lecupla bliain anuas; IrishSongLessons.com agus Donegal Music Trails and Sea Tours. Tá Diane faoi lathair ag obair ar seoladh albam nua a bhfuil tuilleadh de shaibhreas amhráin agus ceolteoirí air.

Back to Top